Volver al índice; Back to index
Gaeilge (Gaélico irlandés)
An Prionsa Beag

Is é sin thuas, dar liomsa, an dreach tíre is áille agus is brónaí ar domhan. Is é an dreach tíre céanna agus atá ar an leathanach roimhe, ach tá sé línithe uair amháin eile agam lena thaispeáint go maith díbh. Is anseo a nocht an prionsa beag, agus is anseo a cheiliúir sé.

Breathnaígí an dreach tíre seo go cúramach, le bheith cinnte go n-aithneoidh sibh arís é, má bhíonn sibh ag taisteal lá éigin san Afraic, sa ghaineamhlach. Agus má tharlaíonn daoibh bheith an bealach sin, impím oraibh, ná bíodh deifir oraibh, fanaigí tamall díreach ansin faoin réalta! Ansin má thagann gasúr beag chugaibh, má tá sé ag gáire, má tá gruaig óirbhuí air, más é rud nach dtugann sé freagra oraibh nuair a chuireann sibh ceist air, tuigfidh sibh go maith cé atá agaibh. Agus, más é bhur dtoil é, ná fágaigí faoi chian mé: scríobhaigí chugam go tapa agus abraigí liom go bhfuil sé ar ais...